Cumann Gaeilge na hAstráile
Bíoḋ bród ort as do ṫeanga!
Coill faoir bhrat sneachta - Snow-covered woods

Beidh téarma a 3 linn sar i bhfad agus nach fuar an aimsir? Tá súil agam go bhfuil an Ghaeilge ag dul i bhfeabhas i ngach rang. Chuala mé go bhfuil dalta thar barr sa bhun rang. Cé hé/hí sin? 

Tá iarracht déanta ag an gcoiste agus na múinteoirí chun ábhar an chúrsa a dhéanamh níos soiléire ionas go mbainfidh na mic léinn an tairbhe is fearr as na ranganna, go mór mór na tosaitheoirí. Le bheith cruinn faoi, tá an coiste dícheallach ag cur straitéisí i bhfeidhm chun taithí na mballraíochta a fheabhsú. Bí i dteagmháil linn má tá moladh agat. Ó tharla go bhfuilim thar lear fós, beidh an cruinniú cinn bhliana ar an gcéad oíche ar ais i dtéarma a 3, 17 Iúil ag 7.30 i.n. Ba mhaith linn go mbeidh ionadaíocht ó gach rang ar an gcoiste 2018/19.

Cabhródh sin go mór le héifeachtúlacht an choiste agus bheadh ionchur ó gach rang. Ní obair leadránach, gruama ná dianshaothair atá i gceist leis an gcoiste.

Tá Plean Oibre Sealadach (POS) curtha le chéile ag Garry Mahon ina mbeidh ceithre chuid:

  • Teagasc teanga agus cultúr;
  • Daonscoil;
  • Cumarsáid éifeachtach leis na mbaill agus grúpaí eile;
  • Riarachán.

Beidh cóipeanna le fáil níos déanaí. An mhéid atá de dhíth chun dul ar aghaidh ná coiste gníomhach.

Bain sult as an nGeimhreadh!

Deirdre

‘Is mór an ní an neart,’ arsa an dreoilín nuair a chaith sé an chiaróg leis an bhfaill.
—Seanfhocal