
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Scoil Samhraidh ar ais in Melbourne i mí Eanáir 2027.
Is é an plean atá againn faoi láthair ná an scoil a reáchtáil ón Aoine 22ú Eanáir (tráthnóna) go dtí an Luan 25ú Eanáir (am lóin). Tabhair faoi deara go mbeidh an lá saoire oifigiúil in 2027 ar an Máirt! Rinne muid cuimhneamh ar an scoil a shíneadh ar thrí lá iomlán ach ar mhaithe leis na costais a choinneáil chomh íseal agus is féidir, cinneadh cloí le scoil dhá lá go leith. B’fhéidir go mbeidh féidearthacht ann lóistín lae bhreise a thairiscint áfach, más maith leat fanacht lá eile.
Beidh na ranganna agus an lóistín i gColáiste Newman, coláiste de chuid Ollscoil Melbourne in Carlton.
Ba mhór an chabhair dúinn dá bhféadfá an suirbhé gearr seo a líonadh isteach. Cabhróidh sé linn líon na ndaltaí agus praghas lóistín a mheas, liosta ríomhphoist a riaradh agus aiseolas a fháil uaibh.
Is féidir clárú go díreach leis an liosta ríomhphoist freisin — féach thíos.
Ar ndóigh, ná bíodh drogall ort an teachtaireacht seo, nó nasc don alt seo a roinnt le daoine a chuirfeadh suim ann (https://gaeilge.org.au/en/learn/summer-school/fogra-2027)
Ag súil go mór le bhur bhfreagraí agus sibh a fheiceáil ag Scoil Samhraidh 2027!
Liosta ríomhphoist
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Scoil Samhraidh
- Ar fáil freisin: en-AU English
- Amais: 124
Cláraigh leis an liosta más maith leat bheith ar an eolas faoi Scoil Samhraidh 2027!
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Scoil Samhraidh
- Ar fáil freisin: en-AU English
- Amais: 28
Cuirimid scoil samhraidh ar fáil thar dheireadh seachtaine fada Lá an Ionraidh (Lá na hAstráile). I rith na scoile bíonn ranganna ann le haghaidh gach duine ón tosaitheoir go dtí an cainteoir líofa. Bíonn spraoi ann freisin mar tráth na gceist, an cheolchoirm, seisiúin agus imeachtaí eile, ina measc sin ranganna roghnacha, áit gur féidir foghlaim faoi réimse ábhar eile trí mheán na Gaeilge. Más deireadh seachtaine lán go béal le Gaeilge atá uait, tar chuig Scoil Samhraidh Melbourne!
Stair
Ar tréimhse fhada, b’é Daonscoil an t-ainm a bhí air agus reachtáladh é amuigh faoin tuath ach i ndiaidh cúpla bliain gan scoil, athbhunaíodh é i gcathair Melbourne agus athbhaisteadh é mar Gaeltacht Melbourne. Cosúil le a lán imeachtaí eile, chuir COVID-19 deireadh leis agus níor éirigh linn scoil a chur ar siúl ón mbliain 2020 ach i 2027 beidh an scoil ar ais faoi ainm níos simplí: Scoil Samhraidh Melbourne.
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Scoil Samhraidh
- Ar fáil freisin: en-AU English
- Amais: 10