Cumann Gaeilge na hAstráile
Bíoḋ bród ort as do ṫeanga!
Ní neart go cur le céile.
—Seanfhocal
Newman College 4

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Scoil Samhraidh ar ais in Melbourne i mí Eanáir 2027.

Is é an plean atá againn faoi láthair ná an scoil a reáchtáil ón Aoine 22ú Eanáir (tráthnóna) go dtí an Luan 25ú Eanáir (am lóin). Tabhair faoi deara go mbeidh an lá saoire oifigiúil in 2027 ar an Máirt! Rinne muid cuimhneamh ar an scoil a shíneadh ar thrí lá iomlán ach ar mhaithe leis na costais a choinneáil chomh íseal agus is féidir, cinneadh cloí le scoil dhá lá go leith. B’fhéidir go mbeidh féidearthacht ann lóistín lae bhreise a thairiscint áfach, más maith leat fanacht lá eile.

Beidh na ranganna agus an lóistín i gColáiste Newman, coláiste de chuid Ollscoil Melbourne in Carlton.

Ba mhór an chabhair dúinn dá bhféadfá an suirbhé gearr seo a líonadh isteach. Cabhróidh sé linn líon na ndaltaí agus praghas lóistín a mheas, liosta ríomhphoist a riaradh agus aiseolas a fháil uaibh.

Is féidir clárú go díreach leis an liosta ríomhphoist freisin — féach thíos.

Ar ndóigh, ná bíodh drogall ort an teachtaireacht seo, nó nasc don alt seo a roinnt le daoine a chuirfeadh suim ann (https://gaeilge.org.au/en/learn/summer-school/fogra-2027)

Ag súil go mór le bhur bhfreagraí agus sibh a fheiceáil ag Scoil Samhraidh 2027!

Liosta ríomhphoist