Fañch Bernard

I ndiaidh tréimhse fhada cásanna agus achomhairc sna cúirteanna, tugadh cead do Fañch Bernard, dhá bhliain go leith d’aois anois, a ainm Briotáinise a usáid leis an tilde (~) mar is ceart sa teanga sin.

Nuair a rugadh an buachaillín óg i mí na Bealtaine 2017, diúltaigh oifigeach an rialtais a ainm a chlárú leis an ñ ar chúis nach cuid den teanga Fraincise é an tilde (~) agus scríobh sé “Fanch” ar an teastas breithe. Cealaigh oifigeach níos áirde an cinneadh, ach thug ionchúisitheoirí an cás chuig cúirt dúiche Kemper (Quimper) agus dhearbhaigh siad an bunchinneadh aríst i Meán Fómhair 2017. De réir an chúirt dúiche, bheadh sé ag dul in aghaidh “toil an stáit dhlíthiúil aontacht na tíre agus comhionnanas do chách a chaomhnú” dhá ligfí an marc beag a bheith scríofa go hoifigiúil.

Faoin am sin áfach, bhí cárta aitheantais agus pás ag Fañch beag cheana agus an diabhal ñ orthu.

Faoi dheireadh thiar thall, tháinig an cás os comhair Chúirt Achomhairc Roazhon (Rennes) i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus cheadaigh siad an comhartha. Fuair siad nach raibh an tilde anaithnid i stair na Fraincise agus ina theannta sin gur ghlac ionchúisitheoir i Roazhon (2002) agus cláraitheoir i bPáras (2009) leis an ainm Fañch cheana.

Tá cúpla scríbhneoirí aitheanta Briotáinise ann agus an t-ainm orthu — Fañch Peru agus Fañch Broudig. Chomh maith leis sin, tá an tilde le feiceáil go rialta i sloinne an Aire Sóisearach um Gnóthaí Baile — Laurent Nuñez.

Tá tuismitheoirí Fañch sásta ar ndóigh — ní raibh uathu ach an leanbh a bhaisteadh as a seanathair — agus níor thit an Phoblacht Fhrancach as a chéile fós.

Catagóir: Nuacht
Ar fáil freisin: en-AU English
Amais: 2577