
An bhfuil níos mó Gaeilge ag teastáil uaibh? Deireadh seachtaine fada lán de Ghaeilge? Bhuel, nach oraibhse atá an t-ádh mar sin é a mbeidh ar fáil daoibh!
Beidh Scoil Gheimhridh Sydney ar siúl arís an bhliain seo ón 6ú lá de Mheitheamh go dtí an 9ú. Beidh ranganna ann i gcúig leibhéal:
- Tosaitheoir glan
- Cúpla focal/frása
- Ag tosú comhrá
- Cumas comhrá
- Líofa
I measc na gníomhaíochtaí eile, beidh tráth na gceist, aoichainteoir agus ceolchoirm ann agus cluichí cláir, ranganna in amhránaíocht, seinm feadóga, agus damhsa freisin. Beidh go leor spraoi is craic le fáil.
Áirithint
Is féidir an fhoirm iarratais seo a líonadh, a shábháil agus a sheoladh ar ais trí ríomhphost. Nó más maith leat, priontáil é, scríobh isteach do shonraí agus seol ar ais é tríd an post.
Spriocdhátaí
Lá deiridh le clárú: | 28 Bealtaine 2025 |