Cumann Gaeilge na hAstráile
Bíoḋ bród ort as do ṫeanga!
book cover

Seolfar leabhar nua le staraí (agus ball an Chumainn le fada) Dr. Val Noone ar Lá ’le Páidraig. Ómós do mhanach Éireannach ar leith a chaith cuid mhaith dá shaol sa Astráil atá sa leabhar From Roscrea to Beagle Bay: Dan O’Donovan, priest and hermit.

Manach Éireannach ar leith. Rugadh an tAthair Dan O’Donovan i mBerlin in 1934, áit a raibh a athair fostaithe mar chargé d’affaires do rialtas na hÉireann. Chuaigh sé isteach san ord Cistéirseach ag Ros Cré i gContae Thiobraid Árann agus tháinig sé go dtí Mainistir Tarrawarra i Victoria na hAstráile sna 60í. In 1972 d’fhreagair sé ar ghairm na mBeinidicteach i New Norcia chun obair sa cheantar Kimberley.

Chaith Dan 47 mbliana in iarthuaisceart na hAstráile, ar dtús mar manach Cistéirseach le cead maireachtáil taobh amuigh dá mhainistir, agus ina dhiaidh sin mar sagart don deoise Broom. Is é na sealanna mar díthreabhach a dhéananns duine ar leith de, é ag maireachtáil cóngarach do phobail Bhundúchasacha agus muinteartha leo — sé bliana ag Lombadina agus fiche bliain ag Beagle Bay.

Is ómós do Dhan é an leabhairín seo agus é ina tríú bliain dá thréimhse scoir ag Germanus Kent House i Broome. I mí Aibreán 2019, faoi ghríosú cairde Dan, thaistil Val Noone ó Melbourne go Broome, chuir sé agallamh ar Dan agus chaith sé roinnte laethanta ag déanamh taighde ar a chuid páipéar. Seo an toradh: cur in aithne do scéal agus saol Dan.

5.30 to 7.00 pm, Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta 2020
Kildara Centre, Rear 41 Stanhope Street, Malvern 3144
MC: Chris Watson. Cainteoirí: Katharine Massam, historian,
University of Divinity, and Margaret Hill, cousin
RSVP: helpful but not required to Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Price of the book: $10.00
To order copies and pay by EFTPOS
contact Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. Postage and packaging $5.00.
Is túisce deoch ná scéal.
—Seanfhocal