
I ndiaidh tréimhse fhada cásanna agus achomhairc sna cúirteanna, tugadh cead do Fañch Bernard, dhá bhliain go leith d’aois anois, a ainm Briotáinise a usáid leis an tilde (~) mar is ceart sa teanga sin.
Nuair a rugadh an buachaillín óg i mí na Bealtaine 2017, diúltaigh oifigeach an rialtais a ainm a chlárú leis an ñ ar chúis nach cuid den teanga Fraincise é an tilde (~) agus scríobh sé “Fanch” ar an teastas breithe. Cealaigh oifigeach níos áirde an cinneadh, ach thug ionchúisitheoirí an cás chuig cúirt dúiche Kemper (Quimper) agus dhearbhaigh siad an bunchinneadh aríst i Meán Fómhair 2017. De réir an chúirt dúiche, bheadh sé ag dul in aghaidh “toil an stáit dhlíthiúil aontacht na tíre agus comhionnanas do chách a chaomhnú” dhá ligfí an marc beag a bheith scríofa go hoifigiúil.
Faoin am sin áfach, bhí cárta aitheantais agus pás ag Fañch beag cheana agus an diabhal ñ orthu.
Faoi dheireadh thiar thall, tháinig an cás os comhair Chúirt Achomhairc Roazhon (Rennes) i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus cheadaigh siad an comhartha. Fuair siad nach raibh an tilde anaithnid i stair na Fraincise agus ina theannta sin gur ghlac ionchúisitheoir i Roazhon (2002) agus cláraitheoir i bPáras (2009) leis an ainm Fañch cheana.
Tá cúpla scríbhneoirí aitheanta Briotáinise ann agus an t-ainm orthu — Fañch Peru agus Fañch Broudig. Chomh maith leis sin, tá an tilde le feiceáil go rialta i sloinne an Aire Sóisearach um Gnóthaí Baile — Laurent Nuñez.
Tá tuismitheoirí Fañch sásta ar ndóigh — ní raibh uathu ach an leanbh a bhaisteadh as a seanathair — agus níor thit an Phoblacht Fhrancach as a chéile fós.
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Nuacht
- Ar fáil freisin: en-AU English
- Amais: 3797
Oíche Dé Máirt, mar chomóradh Sheachtain na Gaeilge agus in ómós do Bhearnaí Ó Doibhlin, léirigh ranganna an Chumainn geandráma dá chuid, Cupán le Van. Le háthas (nó ciapadh?) na rannpháirtithe, tá sé ar fáil anois ar an Idirlíon!
Ba chara mór don Chumann é Bearnaí mar mhúinteoir is scríbhneoir agus cronaítear go mór é.
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Nuacht
- Ar fáil freisin: en-AU English
- Amais: 4525
Ar 28 Eánair 2018, in International House (a bhaineann le hOllscoil Melbourne), tháinig chomhthionól le chéile mar chlabhsúr ar dheireadh seachtaine Gaeilge.
Os cionn seasca duine as gach cearn a d’fhreastail ar na ranganna agus eile roimhe sin, agus tháinig triocha éigin duine chun an tionóil, cuid acu níos líofa ná a chéile, ach fonn orthu uile tairbhe a bhaint as na cainteanna.
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Nuacht
- Amais: 4553

Beidh téarma a 3 linn sar i bhfad agus nach fuar an aimsir? Tá súil agam go bhfuil an Ghaeilge ag dul i bhfeabhas i ngach rang. Chuala mé go bhfuil dalta thar barr sa bhun rang. Cé hé/hí sin?
Tá iarracht déanta ag an gcoiste agus na múinteoirí chun ábhar an chúrsa a dhéanamh níos soiléire ionas go mbainfidh na mic léinn an tairbhe is fearr as na ranganna, go mór mór na tosaitheoirí. Le bheith cruinn faoi, tá an coiste dícheallach ag cur straitéisí i bhfeidhm chun taithí na mballraíochta a fheabhsú. Bí i dteagmháil linn má tá moladh agat. Ó tharla go bhfuilim thar lear fós, beidh an cruinniú cinn bhliana ar an gcéad oíche ar ais i dtéarma a 3, 17 Iúil ag 7.30 i.n. Ba mhaith linn go mbeidh ionadaíocht ó gach rang ar an gcoiste 2018/19.
Cabhródh sin go mór le héifeachtúlacht an choiste agus bheadh ionchur ó gach rang. Ní obair leadránach, gruama ná dianshaothair atá i gceist leis an gcoiste.
Tá Plean Oibre Sealadach (POS) curtha le chéile ag Garry Mahon ina mbeidh ceithre chuid:
- Teagasc teanga agus cultúr;
- Daonscoil;
- Cumarsáid éifeachtach leis na mbaill agus grúpaí eile;
- Riarachán.
Beidh cóipeanna le fáil níos déanaí. An mhéid atá de dhíth chun dul ar aghaidh ná coiste gníomhach.
Bain sult as an nGeimhreadh!
Deirdre
- Sonraí
- Written by: Riarthóir
- Catagóir: Nuacht
- Amais: 4541