Ar 28 Eánair 2018, in International House (a bhaineann le hOllscoil Melbourne), tháinig chomhthionól le chéile mar chlabhsúr ar dheireadh seachtaine Gaeilge.
Os cionn seasca duine as gach cearn a d’fhreastail ar na ranganna agus eile roimhe sin, agus tháinig triocha éigin duine chun an tionóil, cuid acu níos líofa ná a chéile, ach fonn orthu uile tairbhe a bhaint as na cainteanna.
Ba chuid suntais í an ócáid sa mhéid gur i nGaeilge ar fad a reáchtáladh í. Tugadh bileog do gach duine agus achroimrí Béarla inti ar an ábhar a bhí le plé.
Ba í Siún Uí Mhaoldomhnaigh (arb as Contae an Chláir di ó dhúchas) an cathaoirleach agus d’fháiltigh an Dr Val Noone, scoláire agus staraí, roimh an lucht éisteachta.
Ba é an Dr Robert Lindsey an chéad chainteoir agus é ag cur síos ar scata náisiúnach Éireannach in Sydney ar cuireadh mídhílseacht ina leith i rith an Chéad Chogadh Domhanda: ‘Seachtar in Darlinghurst 1917-1918’.
Rinne sé tagairt do staraithe áirithe a shíl nach raibh i seasamh an tseachtair ach eachtra fhánach a ndearna an pobal neamhshuim di. Thaispeáin sé os a choinne sin nach beag an tacaíocht a tugadh dóibh. Tá sé chun leabhar a scríobh faoin scéal.
Ina dhiaidh sin léigh an file agus gearrscéalaí Colin Ryan roinnt dánta dá chuid, cuid acu as a chnuasach Corraí na Nathrach (Coiscéim 2017) agus cuid eile a foilsíodh ar na hirisí nó nár foilsíodh fós. Labhair an Dr Dymphna Lonergan ó Ollscoil Adelaide faoin scríbhneoireacht chruthaitheach atá á déanamh aici i nGaeilge agus cur síos aici ar ghearrscéal dá cuid agus ar roinnt aistriúchán. (Tá taighde déanta ag Dymphna ar fhocail Ghaeilge i mBéarla na hAstráile agus ar stair na snoiteán arrachtúil a dtugtar Sheela na Gig orthu.)
Thug Marc Ó Conaill (ar Corcaíoch ó dhúchas é) caint dar theideal ‘Mo sheanmháthair chríonna — áthas, brón agus bród’. Thug sé léargas suimiúil ar an duine féin agus ar an bpobal ar fáisceadh as í, i saol a bhí bocht go leor ach nach raibh easpa muintearais air.
Ba é an cainteoir deireanach Criostóir Ó Maonaigh. Thug sé cuntas ar thuras a rinne sé chun na Sceilge roinnt blianta ó shin, cuntas an-suimiúil agus é ag caint ar a dheacra atá sé an t-oileán a bhaint amach agus dul suas ann. Chonaiceamar fiántas na háite agus iarsmaí na manach, agus chualamar scéal nó dhó i dtaobh na dturasóirí.
Cuireadh ceisteanna agus rinneadh cíoradh i ndiaidh gach píosa cainte. Ócáid í ar éirigh go seoigh léi, agus ba mhór an rud do na foghlaimeoirí a bhí ann an teanga a chloisteáil á labhairt go nádúrtha sa ghnáthshaol.
Foilsíodh an scéal seo den chéad uair sa nuachtlitir coicísiúil An Lúibín.
The preceding story first appeared in the fortnightly newsletter An Lúibín.